jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23r77m8z Contact: irishlingos@gmail.com Over €1bn spent on accommodation Breis agus €1bn caite ar lóistín d'iarratasóirí tearmainn i 2024. For the first time ever, the state spent over €1bn in 2024 on providing accommodation for applicants for international protection. Den chéad uair riamh, chaith an stát breis agus €1bn i 2024 ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. New figures, provided by the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth, Norma Foley, show that on average, the state spends €2.75m per day on accommodation for people applying for international protection. Léiríonn figiúirí nua, atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley, gur ar an meán, go gcaitheann an stát €2.75m in aghaidh an lae ar lóistín do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta. The figures were provided to Aontu leader, Peadar Tóibín. Cuireadh na figiúirí ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín. They show that €1.005bn euros was spent last year on applicants for international protection. Léiríonn siad gur caitheadh €1.005bn euro anuraidh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. This represents a 54% increase in the amount of money spent on them in 2023. Is ionann sin agus ardú 54 faoin gcéad ar an méid airgid a caitheadh orthu in 2023. The state has spent €2.5bn on providing accommodation for applicants since 2019. €2.5bn atá caite ag an stát ar lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí ón mbliain 2019. Minister Foley indicated that on average the state spent €84 per day on each applicant for international protection during 2024. Thug an tAire Foley le fios gur ar an meán gur chaith an stát €84 in aghaidh an lae ar gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i rith 2024. This represents a 9% increase on the €76.80 spent on each applicant per day during 2023. Is ionann sin agus ardú 9 faoin gcéad ar an €76.80 a caitheadh ar gach iarratasóir in aghaidh an lae le linn 2023. Included in this expenditure are accommodation costs, facilities management and other costs. San áireamh sa chaiteachas sin, tá costais lóistín, bainistiú áiseanna agus costais eile. The largest proportion of international protection applicants currently staying in state-provided accommodation are of Nigerian origin, according to the latest figures provided by IPAS, the agency responsible for providing accommodation for asylum seekers. Is de bhunadh na Nigéire iad an sciar is mó de na hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát i láthair na huaire, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag IPAS, an áisíneacht atá freagrach as lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí tearmainn. There are currently 6,914 Nigerians in the system. 6,914 Nigéarach atá sa chóras i láthair na huaire. There are 3,072 Georgians, 2,733 Algerians, 2,388 Somalis, 2,209 Zimbabweans, 2,157 Jordanians, 1,715 Afghans, 1,656 Pakistanis, 1,373 Bangladeshis and 1,249 South Africans. Tá 3,072 Seoirseach ann, 2,733 Ailgéarach, 2,388 Somálach, 2,209 ón tSiombáib, 2,157 Iordánach, 1,715 Afganastánach, 1,656 ón bPacastáin, 1,373 ón mBlanglaidéis agus 1,249 ón Afraic Theas. There are 694 from the Occupied Territories in Palestine. 694 atá ann ó na Críocha Gafa sa Phailistín. South Africa, Algeria and Georgia are currently classified as safe countries. Tá an Afraic Theas, an Ailgéir agus an tSeoirsia rangaithe ina dtíortha sabháilte i láthair na huaire.
Voir plus
Voir moins