• 20250204_IRISH__taraifi_gearrtha_ag_meiricea_ar_an_tsin_agus_a_mhalairt_go_cruinn

  • Feb 4 2025
  • Length: 11 mins
  • Podcast

20250204_IRISH__taraifi_gearrtha_ag_meiricea_ar_an_tsin_agus_a_mhalairt_go_cruinn

  • Summary

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28z2yqpc Contact: irishlingos@gmail.com America has imposed tariffs on China and vice versa. Taraifí gearrtha ag Meiriceá ar an tSín agus a mhalairt go cruinn. China has slapped tariffs on US goods in retaliation after US President Donald Trump imposed an additional 10% tariff on Chinese goods. Tá taraifí gearrtha ag an tSín ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bhuille ar an mbuille tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí breise de 10 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ón tSín. Donald Trump claims the tariffs are a punishment for the illegal drugs he says are being brought into the United States from China, particularly fentanyl. Maíonn Donald Trump gur pionós atá sna taraifí as na drugaí mídhleathacha a deir sé a thugtar isteach sna Stáit Aontaithe ón tSín, go háirithe feantainil. The measure was not received with goodwill and as soon as the Americans implemented the tariffs at midnight last night, the Chinese announced that they would impose a 15% duty on coal and liquefied natural gas from the United States and a 10% duty on crude oil, farm equipment and some vehicles from that country. Ní i bpáirt mhaitheasa a glacadh leis an mbeart agus a thúisce a chuir na Meiriceánaigh na taraifí i bhfeidhm ag an meán oíche aréir, d'fhógair na Sínigh go ngearrfaidís féin dleacht de 15 faoin gcéad ar ghual agus ar ghás nádúrtha leachtaithe ó na Stáit Aontaithe agus dleacht de 10 faoin gcéad ar amhola, ar threalamh feirme agus ar roinnt feithiclí ón tír sin. Those Chinese tariffs will come into effect next Monday. Tiocfaidh feidhm le taraifí sin na Síneach Dé Luain seo chugainn. In addition to the tariffs, the Chinese government announced that it was to launch an official investigation into the alleged online monopoly of Google, which is owned by the American company Alphabet. Chomh maith leis na taraifí, d'fhógair Rialtas na Síne go raibh siad le fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoin monaplacht ar líne a deirtear atá ag Google, ar leis an gcomhlacht Meiriceánach Alphabet é. It was also announced that restrictions were to be placed on the future export of certain minerals from China, such as tungsten, tellurium, molybdenum, bismuth and indium. Fógraíodh freisin go rabhthas le srianta a chur le mianraí áirithe a easpórtáil ón tSín feasta, mar atá, tungstan, teallúiriam, molaibdéineam, biosmat agus indiam. These minerals are rare but are being exploited to develop clean energy. Tá na mianraí sin tearc ach táthar taobh leo chun fuinneamh glan a fhorbairt. Yesterday, Donald Trump announced that the 25% tariffs he was to impose on Mexico and Canada from today had been postponed for another month. Inné, d'fhógair Donald Trump go raibh na taraifí de 25 faoin gcéad a bhí le gearradh aige ó inniu ar Mheicsiceo agus ar Cheanada, go raibh siad curtha ar athló aige go ceann míosa. It was reported that he and the leaders of those two other countries reached an agreement on issues related to the borders between them. Tuairiscíodh gur tháinig sé féin agus ceannairí an dá thír eile sin ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhaineann leis na teorainneacha eatarthu. It is reported today that Donald Trump and Chinese President Xi Jinping are to speak later this week. Tuairisicítear inniu go bhfuil Donald Trump agus Uachtaran na Síne Xi Jinping le labhairt le chéile níos deireanaí an tseachtain seo. RTÉ News and Current Affairs Cargo ship loading at the Port of Los Angeles Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lastlong á luchtú i gcalafort Los Angeles
    Show more Show less

What listeners say about 20250204_IRISH__taraifi_gearrtha_ag_meiricea_ar_an_tsin_agus_a_mhalairt_go_cruinn

Average Customer Ratings

Reviews - Please select the tabs below to change the source of reviews.