jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28g4vhuz Contact: irishlingos@gmail.com Concerns in small towns in the Muskerry Gaeltacht about speeding cars. Imní i mbailte beaga i nGaeltacht Mhúscraí faoi ró-luas carranna. Concerns have been expressed about the speed limit being regularly exceeded in certain villages in the Múscraí Gaeltacht in Co. Cork. Tá imní léirithe faoin teorainn luais a bheith á sárú go rialta i sráidbhailte ar leith i nGaeltacht Mhúscraí i gCo Chorcaí. In one case, a driver was clocked at 143 kilometres per hour in a small town where there is a 50 kilometres per hour speed limit. I gcás amháin cláraíodh luas 143 ciliméadar san uair ag tiománaí ar bhaile beag ina bhfuil teorainn luais 50 ciliméadar san uair ann. There is an urgent need to implement speed reduction measures immediately, says Gobnait Ní Mhuínneacháin, a Councillor for the area on Cork County Council. Tá géarghá le bearta moillithe luais a chur i bhfeidhm láithreach a deir Gobnait Ní Mhuínneacháin, Comhairleoir sa gceantar ar Chomhairle Chontae Chorcaí. She says that over 1,000 vehicles a day pass through the village of Reighleáin. Deir sise go dtéann breis is 1,000 feithicil sa ló thrí shráidbhaile Reighleáin. Gardaí have revealed that a driver was recorded doing 143 km/h in the town, almost 3 times the speed limit. Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur cláraíodh tiománaí ag déanamh 143 km/uair ar an mbaile, beagnach 3 oiread na luasteorann. But concerns about speeding on the roads are troubling people across Muskerry. Ach tá imní faoin ró-luas ar na bóithre ag cur as do dhaoine ar fud Mhúscraí. There is also a big problem, people say, in Kilmhuire, and although there is a ramp on the road at the primary school, there are drivers who are said to not pay the slightest attention to the restriction on walking. Tá fadhb mhór freisin adeir daoine i gCill Mhuire, agus cé go bhfuil rampa ar an mbóthar ag an mbunscoil, tá tiománaithe ann a deirtear nach dtugann aird dá laghad ar an srian ar an siúl. According to a study of the village of Reighleán, 86% of vehicles are travelling at an average speed of 68 km/h, in an area where the speed limit is 50 km/h. De réir staidéir ar shráidbhaile Reighleáin tá 86 faoin gcéad de na feithiclí ag taisteal ag luas 68 km/uair ar an meán, limistéar arbh é 50 km/uair an luasteorainn. Marian O'Flaherty will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.