jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dzq6kmj Contact: irishlingos@gmail.com Trump made a cold case of Ukrainian hypocrisy. File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine. US President Donald Trump has dismissed Ukrainian President Volodymyr Zelensky's rhetoric regarding ongoing talks to end the war in that country. Tá neamhshuim déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky maidir leis na comhráite atá ar bun faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa tír sin. Ukrainians are deeply unhappy that they were excluded from the peace talks that were taking place between the United States and Russia in Saudi Arabia yesterday. Tá na hÚcránaigh thar a bheith míshásta gur fágadh as an áireamh iad sna comhráite síochána a bhí ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach inné. Trump openly stated that he was disappointed that the Ukrainians were suffering from their fate and it appears from his speech that he blamed the war on them. Dúirt Trump go neamhbhalbh go raibh díomá air go raibh na hÚcránaigh ag ceasacht ar a gcinniúint agus dealraíonn sé óna chuid amhlabhra gur chuir sé an milleán faoin gcogadh orthusan. Zelensky responded by saying that Trump was under the spell of misinformation. D'fhreagair Zelensky agus dúirt go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. Trump responded by saying that Zelensky was a dictator who did not call a general election in Ukraine. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur deachtóir ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin. Russia invaded Ukraine three years ago and hundreds of thousands of people are estimated to have been killed – both soldiers and civilians – as a result of the fighting since then. Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin trí bliana go ham seo agus áirítear na céadta míle duine a bheith maraithe – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta ó shin. If Trump's speech is any indication, it seems that the Ukrainians will also be left out in the future and that an agreement could be reached without any regard to what they or other countries in Europe want. Más comhartha ar bith caint Trump, is cosúil go bhfágfar na hÚcránaigh as an áireamh san am le teacht freisin agus go bhféadfaí teacht ar chomhaontú gan aon bheann ar a bhfuil uathusan ná ó thíortha eile san Eoraip. In fact, Trump claimed that he was now more optimistic about a peace agreement in light of what emerged from yesterday's talks. Go deimhin, mhaígh Trump go raibh sé níos dóchasaí anois faoi chomhaontú síochána i bhfianaise ar tháinig as na comhráite inné. He also indicated that he and Russian President Vladimir Putin may meet before the end of this month. Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go dtiocfadh sé féin agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile roimh dheireadh na míosa seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ