Episodes

  • 20250223_IRISH__olltoghchan_lan_le_teannas_sa_ghearmain
    Feb 23 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27ypjdj8 Contact: irishlingos@gmail.com A tense general election in Germany. Olltoghchán lán le teannas sa Ghearmáin. The German public is heading to the polling booths today for the country's general election. Tá pobal na Gearmáine ag tabhairt na mbothanna vótála orthu féin inniu don olltoghchán sa tír. Up to 60m people are eligible to vote and it is said that politics was not as divided over there as people remember. Suas le 60m duine atá i dteideal vótála agus deirtear nach raibh an pholaitíocht chomh scoiltithe thall ansin le cuimhne na ndaoine. It is certain that there will be no clear winner, so the best party that emerges will rely on other parties to form a Government. Táthar anann is cinnte nach mbeidh aon bhuaiteoir glan, mar sin beidh an páirtí is fearr a chruthaíonn ag braith ar pháirtithe eile le Rialtas a bhunú. The rise of the AfD (Alternative Fur Deutschland), a far-right party that believes immigration is out of control in the country, is worrying centrist parties. Díol imní do pháirtithe atá sa lár an borradh mór atá tagtha ar an AFD (Alternative Fur Deutchland), páirtí atá an-fhada ar dheis agus a chreideann go bhfuil cúrsaí inimirce ó smacht sa tír. There is a different direction for Germany, that is what the party strongly claims. Tá malairt treo ann don Ghearmáin, sin a mhaíonn an páirtí go láidir. This party is expected to have a 20% vote share, the strongest vote since the Nazi era in the country. Ceaptar go mbeidh sciar vóta 20 faoin gcéad ag an bpáirtí seo, an vóta is láidre ó ré na naitsíoch sa tír. The problem with the AFD is that, short of a miracle, it will not entice any other party to form a coalition government. An fhadhb atá leis an AFD ná d'uireasa na míorúilte, nach meallfaidh sé aon pháirtí eile le comhrialtas a bhunú. The Government party, the Social Democrats (SPD), also has its own problems and it is thought that the voting public will have little sympathy or sympathy for them in this matter. Tá a gcuid fadhbanna féin freisin ag páirtí an Rialtais, Na Daonlathaithe Sóisialta (SPD) agus ceaptar gur beag gean ná trua a bheidh ag an bpobal vótála dóibh siúd an iarraidh seo. The Christian Democrats (CDU), the traditional conservative party led by Friedrich Merz, are thought to do best in this general election. Ceaptar gurb iad na Daonlathaithe Críostaí (CDU), an páirtí traidisiúnta caomhach faoi cheannasaíocht Friedrich Merz, is fearr a chruthóidh san olltoghchán seo. It is understood that they will then look towards the SPD and the Green Party in order to gain a majority to form a Government. Tuigtear go bhféachfaidh siadsan ansin i dtreo an SPD agus Comhaontas Glas ar mhaithe le móramh a ghnóthú chun Rialtas a bhunú. As is often the case, the economy is the big issue in the general election as Germany has been in international decline for 2 years. Mar is minice an cás, is í an eacnamaíocht an cheist mhór san olltoghchán agus An Ghearmáin ag cúlú go hidirnáisiúnta le 2 bhliain. But in the wake of that and a related issue depending on your opinion, is the issue of immigration and a debate being strongly fostered by the AFD. Ach sna sála leis sin agus ceist atá gaolta leis ag braith ar do thuairim, is ea ceist na hinimirce agus díospóireacht á chothú go láidir ag an AFD. Some of the crimes that have been drawing attention for some time and the way right-wing parties are using them to bring up the issue of immigration are not helping. Ní haon chabhair é roinnt de na coireanna atá ag tarraingt cainte le tamall agus an bealach a bhfuil páirtithe den eite dheis á n-úsáid le ceist na hinimirce a tharraingt anuas. By 5pm Irish time today we will have an idea of how the majority of the German public voted in this general election. Faoin 5 a chlog am na hÉireann inniu beidh barúil againn cén bealach ar vótáil formhór de phobal na Gearmáine san olltoghc...
    Show more Show less
    12 mins
  • 20250221_IRISH__file_fuar_deanta_ag_trump_de_cheasacht_na_hucraine
    Feb 21 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dzq6kmj Contact: irishlingos@gmail.com Trump made a cold case of Ukrainian hypocrisy. File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine. US President Donald Trump has dismissed Ukrainian President Volodymyr Zelensky's rhetoric regarding ongoing talks to end the war in that country. Tá neamhshuim déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky maidir leis na comhráite atá ar bun faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa tír sin. Ukrainians are deeply unhappy that they were excluded from the peace talks that were taking place between the United States and Russia in Saudi Arabia yesterday. Tá na hÚcránaigh thar a bheith míshásta gur fágadh as an áireamh iad sna comhráite síochána a bhí ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach inné. Trump openly stated that he was disappointed that the Ukrainians were suffering from their fate and it appears from his speech that he blamed the war on them. Dúirt Trump go neamhbhalbh go raibh díomá air go raibh na hÚcránaigh ag ceasacht ar a gcinniúint agus dealraíonn sé óna chuid amhlabhra gur chuir sé an milleán faoin gcogadh orthusan. Zelensky responded by saying that Trump was under the spell of misinformation. D'fhreagair Zelensky agus dúirt go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. Trump responded by saying that Zelensky was a dictator who did not call a general election in Ukraine. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur deachtóir ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin. Russia invaded Ukraine three years ago and hundreds of thousands of people are estimated to have been killed – both soldiers and civilians – as a result of the fighting since then. Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin trí bliana go ham seo agus áirítear na céadta míle duine a bheith maraithe – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta ó shin. If Trump's speech is any indication, it seems that the Ukrainians will also be left out in the future and that an agreement could be reached without any regard to what they or other countries in Europe want. Más comhartha ar bith caint Trump, is cosúil go bhfágfar na hÚcránaigh as an áireamh san am le teacht freisin agus go bhféadfaí teacht ar chomhaontú gan aon bheann ar a bhfuil uathusan ná ó thíortha eile san Eoraip. In fact, Trump claimed that he was now more optimistic about a peace agreement in light of what emerged from yesterday's talks. Go deimhin, mhaígh Trump go raibh sé níos dóchasaí anois faoi chomhaontú síochána i bhfianaise ar tháinig as na comhráite inné. He also indicated that he and Russian President Vladimir Putin may meet before the end of this month. Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go dtiocfadh sé féin agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile roimh dheireadh na míosa seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    9 mins
  • 20250217_IRISH__imni_i_mbailte_beaga_i_ngaeltacht_mhuscrai_faoi_ro-luas_carranna
    Feb 17 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28g4vhuz Contact: irishlingos@gmail.com Concerns in small towns in the Muskerry Gaeltacht about speeding cars. Imní i mbailte beaga i nGaeltacht Mhúscraí faoi ró-luas carranna. Concerns have been expressed about the speed limit being regularly exceeded in certain villages in the Múscraí Gaeltacht in Co. Cork. Tá imní léirithe faoin teorainn luais a bheith á sárú go rialta i sráidbhailte ar leith i nGaeltacht Mhúscraí i gCo Chorcaí. In one case, a driver was clocked at 143 kilometres per hour in a small town where there is a 50 kilometres per hour speed limit. I gcás amháin cláraíodh luas 143 ciliméadar san uair ag tiománaí ar bhaile beag ina bhfuil teorainn luais 50 ciliméadar san uair ann. There is an urgent need to implement speed reduction measures immediately, says Gobnait Ní Mhuínneacháin, a Councillor for the area on Cork County Council. Tá géarghá le bearta moillithe luais a chur i bhfeidhm láithreach a deir Gobnait Ní Mhuínneacháin, Comhairleoir sa gceantar ar Chomhairle Chontae Chorcaí. She says that over 1,000 vehicles a day pass through the village of Reighleáin. Deir sise go dtéann breis is 1,000 feithicil sa ló thrí shráidbhaile Reighleáin. Gardaí have revealed that a driver was recorded doing 143 km/h in the town, almost 3 times the speed limit. Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur cláraíodh tiománaí ag déanamh 143 km/uair ar an mbaile, beagnach 3 oiread na luasteorann. But concerns about speeding on the roads are troubling people across Muskerry. Ach tá imní faoin ró-luas ar na bóithre ag cur as do dhaoine ar fud Mhúscraí. There is also a big problem, people say, in Kilmhuire, and although there is a ramp on the road at the primary school, there are drivers who are said to not pay the slightest attention to the restriction on walking. Tá fadhb mhór freisin adeir daoine i gCill Mhuire, agus cé go bhfuil rampa ar an mbóthar ag an mbunscoil, tá tiománaithe ann a deirtear nach dtugann aird dá laghad ar an srian ar an siúl. According to a study of the village of Reighleán, 86% of vehicles are travelling at an average speed of 68 km/h, in an area where the speed limit is 50 km/h. De réir staidéir ar shráidbhaile Reighleáin tá 86 faoin gcéad de na feithiclí ag taisteal ag luas 68 km/uair ar an meán, limistéar arbh é 50 km/uair an luasteorainn. Marian O'Flaherty will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.
    Show more Show less
    8 mins
  • 20250216_IRISH__taraifi_nua_comhalartacha_molta_ag_uachtaran_trump_mheircea
    Feb 16 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23da95um Contact: irishlingos@gmail.com New reciprocal tariffs proposed by US President Trump. Taraifí nua cómhalartacha molta ag Uachtarán Trump Mheirceá. US President Trump's economic team has been working on a plan, under which Donald Trump intends to impose trade tariffs on all countries that impose taxes on goods they import from the United States. Tá meitheal eacnamaithe Uachtarán Trump na Stát Aontaithe curtha i mbun oibre ar phlean, faoina bhfuil sé i gceist ag Donald Trump taraifí trádála a ghearradh ar gach tír a ghearrann táillí cánacha ar earraí a iomportálann siad féin ó na Stáit Aontaithe. They would be reciprocal tariffs. Taraifí cómhalartacha a bheadh iontu. In light of these tariffs, there are growing concerns that it will become a global trade war. I bhfianaise na dtaraifí seo, tá ag géarú ar an imní go mbeidh sé ina chogadh trádála ar fud an domhain. "In the interest of leveling the playing field for all," President Trump told reporters, "I will be implementing reciprocal tariffs. "Ar mhaithe le cothrom na féinne a thabhairt do chách", a dúirt an tUachtarán Trump le hiriseoirí, "cuirfidh mise taraifí cómhalartacha i bhfeidhm. "If countries impose tariffs on US products, we will impose tariffs on their products." Má ghearrann tíortha taraifí ar tháirgí de chuid na Stát Aontaithe, gearrfaidh muidne taraifí ar a dtáirgí siúd." President Trump has not announced any new tariffs at this time; what is currently happening is that White House economists are investigating the fees, taxes, and tariffs that other countries impose on US goods. Níl taraifí nua fógartha ag an Uachtarán Trumpum an dtaca seo; 'sé atá i gceist i láthair na huaire ná go bhfuil lucht eacnamaíochta an Tí Bháin curtha i mbun fiosraithe ar na táillí, cánacha agus taraifí a ghearrann tíortha eile ar earraí de chuid na Stát Aontaithe. Wall Streeters have already expressed concerns that new tariffs will increase the inflation rate in the United States. Tá imní léirithe cheana ag lucht Wall Street go gcuirfidh taraifí nua leis an ráta boilscithe sna Stáit Aontaithe. Concerns have been expressed that the European Union, China, Japan and South Korea would be the countries most likely to be hit with these new tariffs on their products. Tá imní léirithe gurb iad an tAontas Eorpach, an tSín, an tSeapáin agus an Chóire Theas na tíortha is mó a ngearrfaí na taraifí nua seo ar a gcuid táirgí. This review of other countries' tariffs will be completed by the beginning of April. Tiocfaidh an t-athbhreithniú seo ar tharaifí tíortha eile chun críche faoi thús mhí Aibreáin.
    Show more Show less
    8 mins
  • 20250214_IRISH__breis_agus_€1bn_caite_ar_loistin_d’iarratasoiri_tearmainn_i_2024
    Feb 14 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23r77m8z Contact: irishlingos@gmail.com Over €1bn spent on accommodation Breis agus €1bn caite ar lóistín d'iarratasóirí tearmainn i 2024. For the first time ever, the state spent over €1bn in 2024 on providing accommodation for applicants for international protection. Den chéad uair riamh, chaith an stát breis agus €1bn i 2024 ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. New figures, provided by the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth, Norma Foley, show that on average, the state spends €2.75m per day on accommodation for people applying for international protection. Léiríonn figiúirí nua, atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley, gur ar an meán, go gcaitheann an stát €2.75m in aghaidh an lae ar lóistín do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta. The figures were provided to Aontu leader, Peadar Tóibín. Cuireadh na figiúirí ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín. They show that €1.005bn euros was spent last year on applicants for international protection. Léiríonn siad gur caitheadh €1.005bn euro anuraidh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. This represents a 54% increase in the amount of money spent on them in 2023. Is ionann sin agus ardú 54 faoin gcéad ar an méid airgid a caitheadh orthu in 2023. The state has spent €2.5bn on providing accommodation for applicants since 2019. €2.5bn atá caite ag an stát ar lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí ón mbliain 2019. Minister Foley indicated that on average the state spent €84 per day on each applicant for international protection during 2024. Thug an tAire Foley le fios gur ar an meán gur chaith an stát €84 in aghaidh an lae ar gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i rith 2024. This represents a 9% increase on the €76.80 spent on each applicant per day during 2023. Is ionann sin agus ardú 9 faoin gcéad ar an €76.80 a caitheadh ar gach iarratasóir in aghaidh an lae le linn 2023. Included in this expenditure are accommodation costs, facilities management and other costs. San áireamh sa chaiteachas sin, tá costais lóistín, bainistiú áiseanna agus costais eile. The largest proportion of international protection applicants currently staying in state-provided accommodation are of Nigerian origin, according to the latest figures provided by IPAS, the agency responsible for providing accommodation for asylum seekers. Is de bhunadh na Nigéire iad an sciar is mó de na hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát i láthair na huaire, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag IPAS, an áisíneacht atá freagrach as lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí tearmainn. There are currently 6,914 Nigerians in the system. 6,914 Nigéarach atá sa chóras i láthair na huaire. There are 3,072 Georgians, 2,733 Algerians, 2,388 Somalis, 2,209 Zimbabweans, 2,157 Jordanians, 1,715 Afghans, 1,656 Pakistanis, 1,373 Bangladeshis and 1,249 South Africans. Tá 3,072 Seoirseach ann, 2,733 Ailgéarach, 2,388 Somálach, 2,209 ón tSiombáib, 2,157 Iordánach, 1,715 Afganastánach, 1,656 ón bPacastáin, 1,373 ón mBlanglaidéis agus 1,249 ón Afraic Theas. There are 694 from the Occupied Territories in Palestine. 694 atá ann ó na Críocha Gafa sa Phailistín. South Africa, Algeria and Georgia are currently classified as safe countries. Tá an Afraic Theas, an Ailgéir agus an tSeoirsia rangaithe ina dtíortha sabháilte i láthair na huaire.
    Show more Show less
    14 mins
  • 20250209_IRISH__iosrael_tarraingte_siar_o_bhothar_a_scoilt_gaza_ina_dha_chuid
    Feb 9 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xnqc5yp Contact: irishlingos@gmail.com Israel has withdrawn from a road that split Gaza in two. Iosrael tarraingte siar ó bhóthar a scoilt Gaza ina dhá chuid. The Israeli army has withdrawn its soldiers from a road that was cutting the Gaza Strip in two, a Hamas official says. Tá a gcuid saighdiúirí tarraingthe siar ag arm Iosrael ó bhealach a bhí ag gearradh stráice Gaza ina dhá chuid, a deir oifigeach de chuid Hamas. According to a senior Hamas spokesman, the Israeli army was to have withdrawn from the Netzarim area according to the terms of the agreement reached on January 19. De réir urlabhraí sinsearach Hamas, bhí arm Iosrael le bheith imithe as ceantar Netzarim de réir dhálaí an chomhaontaithe a rinneadh ar an 19 Eanáir. A spokesman for the Hamas-led interior ministry said that "Israeli forces have dismantled their military bases and completely withdrawn all their soldiers from the Netzarim Corridor on the Salaheddin road, allowing vehicles to travel unhindered in both directions." Dúirt urlabhraí ón roinn gnóthaí baile atá faoi cheannas Hamas go bhfuil "Tá a gcuid bunáiteanna míleata bainte as a chéile ag fórsaí Iosrael agus a gcuid saighdiúirí uilig tarraingthe siar go hiomlán ó Chonair Netzarim ar bhóthar Salaheddin, rud a fhágann go bhfuil ar chumas feithiclí taisteal gan bhac sa dá threo." All access points between the north and south of the strip are in the Netzarim area. Is i gceantar Netzarim atá na pointí rochtana go léir idir tuaisceart agus deisceart an stráice. A journalist from the AFP (Agence France Presse) news agency in the Netzarim area reported that there were no Israeli soldiers in the area this morning. Thuairiscigh iriseoir ón áisíneachta nuachta AFP (Agence France Presse) atá i gceantar Netzarim, nach raibh saighdiúirí ar bith de chuid Iosrael sa cheantar ar maidin. Journalists saw cars, buses, trucks and donkey carts traveling along the Salaheddin road across the Netzarim Corridor where the Israeli army previously had a checkpoint. Chonaic iriseoirí carranna, busanna, trucail agus carranna asail ag taisteal bhóthar Salaheddin trasna Chonair Netzarim áit a mbíodh seicphointe ag arm Iosrael go dtí seo. An Israeli security official, who did not wish to be named, said they were "preparing to implement the ceasefire arrangement in accordance with the guidelines of the political leadership." Dúirt oifigeach slándála de chuid Iosrael, nár mhian leis go n-ainmeofaí é, go raibh siad "ag réiteach chun an socrú sosa cogaidh a chur i bhfeidhm de réir threoirlínte na ceannasaíochta polaitiúla."
    Show more Show less
    7 mins
  • 20250204_IRISH__taraifi_gearrtha_ag_meiricea_ar_an_tsin_agus_a_mhalairt_go_cruinn
    Feb 4 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28z2yqpc Contact: irishlingos@gmail.com America has imposed tariffs on China and vice versa. Taraifí gearrtha ag Meiriceá ar an tSín agus a mhalairt go cruinn. China has slapped tariffs on US goods in retaliation after US President Donald Trump imposed an additional 10% tariff on Chinese goods. Tá taraifí gearrtha ag an tSín ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bhuille ar an mbuille tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí breise de 10 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ón tSín. Donald Trump claims the tariffs are a punishment for the illegal drugs he says are being brought into the United States from China, particularly fentanyl. Maíonn Donald Trump gur pionós atá sna taraifí as na drugaí mídhleathacha a deir sé a thugtar isteach sna Stáit Aontaithe ón tSín, go háirithe feantainil. The measure was not received with goodwill and as soon as the Americans implemented the tariffs at midnight last night, the Chinese announced that they would impose a 15% duty on coal and liquefied natural gas from the United States and a 10% duty on crude oil, farm equipment and some vehicles from that country. Ní i bpáirt mhaitheasa a glacadh leis an mbeart agus a thúisce a chuir na Meiriceánaigh na taraifí i bhfeidhm ag an meán oíche aréir, d'fhógair na Sínigh go ngearrfaidís féin dleacht de 15 faoin gcéad ar ghual agus ar ghás nádúrtha leachtaithe ó na Stáit Aontaithe agus dleacht de 10 faoin gcéad ar amhola, ar threalamh feirme agus ar roinnt feithiclí ón tír sin. Those Chinese tariffs will come into effect next Monday. Tiocfaidh feidhm le taraifí sin na Síneach Dé Luain seo chugainn. In addition to the tariffs, the Chinese government announced that it was to launch an official investigation into the alleged online monopoly of Google, which is owned by the American company Alphabet. Chomh maith leis na taraifí, d'fhógair Rialtas na Síne go raibh siad le fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoin monaplacht ar líne a deirtear atá ag Google, ar leis an gcomhlacht Meiriceánach Alphabet é. It was also announced that restrictions were to be placed on the future export of certain minerals from China, such as tungsten, tellurium, molybdenum, bismuth and indium. Fógraíodh freisin go rabhthas le srianta a chur le mianraí áirithe a easpórtáil ón tSín feasta, mar atá, tungstan, teallúiriam, molaibdéineam, biosmat agus indiam. These minerals are rare but are being exploited to develop clean energy. Tá na mianraí sin tearc ach táthar taobh leo chun fuinneamh glan a fhorbairt. Yesterday, Donald Trump announced that the 25% tariffs he was to impose on Mexico and Canada from today had been postponed for another month. Inné, d'fhógair Donald Trump go raibh na taraifí de 25 faoin gcéad a bhí le gearradh aige ó inniu ar Mheicsiceo agus ar Cheanada, go raibh siad curtha ar athló aige go ceann míosa. It was reported that he and the leaders of those two other countries reached an agreement on issues related to the borders between them. Tuairiscíodh gur tháinig sé féin agus ceannairí an dá thír eile sin ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhaineann leis na teorainneacha eatarthu. It is reported today that Donald Trump and Chinese President Xi Jinping are to speak later this week. Tuairisicítear inniu go bhfuil Donald Trump agus Uachtaran na Síne Xi Jinping le labhairt le chéile níos deireanaí an tseachtain seo. RTÉ News and Current Affairs Cargo ship loading at the Port of Los Angeles Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lastlong á luchtú i gcalafort Los Angeles
    Show more Show less
    11 mins
  • 20250202_IRISH__45,000_fos_ag_fanacht_leis_an_gcumhacht_aibhleise
    Feb 2 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lr62n5 Contact: irishlingos@gmail.com 45,000 still waiting for electricity. 45,000 fós ag fanacht leis an gcumhacht aibhléise. The Electricity Supply Board says that only up to 45,000 customers are now left to be reconnected to its network following storm Éowyn. Deir Bord Soláthar an leictreachais nach bhfuil fágtha anois le ceangal ar ais ar a ghréasán i ndiaidh na stoirme Éowyn ach suas le 45,000 custaiméar. He indicated that electrical power has now been restored to up to 723,000 households, farms and businesses. Thug sé le fios go bhfuil an chumhacht aibhléise curtha ina ceart in athuair do suas 723,000 anois idir theaghlaigh,fheirmeacha agus ghnólachtaí. He also says he is doing his best to restore power to the remaining areas that have now been without electricity for over a week. Deir sé freisin go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh an chuid eile atá fágtha anois gan leictreachas le breis is seachtain a chur ina gceart. 'Engineers from Britain and other European Union countries are supporting the effort,' he says. 'Tá innealtóirí on Bhreatain agus tíortha eile ón Aontas Eorpach ag tacú leis an iarracht' a deir sé. It is reported that up to 3,000 customers in Northern Ireland are still without electricity since the storm hit the island a week ago last Friday. Tuairiscítear go bhfuil suas le 3,000 custaiméar i dTuaisceart Éireann d'uireasa na cumhachta aibhléise go fóill ó thug an stoirm ropadh faoin oileán seachtain ó Dé hAoine seo caite.
    Show more Show less
    5 mins